14 Henrietta Street | Georgian townhouse to tenement dwelling

14 Sráid Henrietta agus tú féin

Tá 14 Sráid Henrietta tiomanta do stair shóisialta Chathair Bhaile Átha Cliath a bhailiú, a dhoiciméadú, agus a chaomhnú.

Tionscadal taighde leanúnach ar stair bhéil is ea Do Chuimhní faoin Tionóntán a bhailíonn scéalta agus cuimhní faoin saol in 14 Sráid Henrietta agus i dtionóntáin eile Bhaile Átha Cliath.

An bhfuil cuimhne agat faoi thionóntáin Bhaile Átha Cliath? B’fhéidir gur chónaigh tú i dtionóntán, nó b’fhéidir go raibh aithne agat ar dhuine a chónaigh i dtionóntán. B’fhéidir gur oibrigh tú sna foirgnimh thionóntáin nó timpeall orthu. Pé ceangal atá agat, ba mhaith linn do chuid scéalta a chloisteáil.

Más spéis leatsa, nó le duine a bhfuil aithne agat orthu, do scéal a insint, déan teagmháil linn, le do thoil, lena shocrú labhairt le ball dár bhfoireann trí ríomhphost a sheoladh chuig memories@14henriettastreet.ie nó trí ghlao ar 01 677 9746.

Trí na scéalta seo a roinnt, cuireann tú go mór agus go fiúntach le 14 Sráid Henrietta agus a chuid scéalta a fhorbairt.

en  |  ga
Eolas Fúinn School Resources Nuacht Teagmháil a Dhéanamh Linn Sign-up to our Newsletter Inrochtaineacht Príobháideachas agus Téarmaí