14 Henrietta Street | Georgian townhouse to tenement dwelling

Turais agus ticéid

Eolas faoinár dturais

“Is fiú go mór do chuairteoir ar bith chuig Baile Átha Cliath cuairt a thabhairt” ***** Tripadvisor

Nuair a iontrálann tú 14 Sráid Henrietta gheobhaidh tú blaiseadh ar stair na cathrach a ghabhann siar breis agus trí chéad bliain i mballaí tí amháin.

Tugann ár dturais threoraithe phearsanta thú ar aistear ó thús galánta Seoirseach an tí a fhad leis na háiteanna cónaithe tionóntáin a bhí ann ina dhiaidh sin. Nochtar na scéalta faoi stair cheilte an fhoirgnimh nuair a dhéantar ceangal le scéalta pearsanta na ndaoine siúd a chónaigh anseo in 14 Sráid Henrietta.

Léirítear sna scéalta faoin teach agus faoin tsráid scéal mhuintir Bhaile Átha Cliath.

Tabhair cuairt ar an teach, éist lena chuid scéalta agus fiosraigh saibhreas stair Bhaile Átha Cliath atá laistigh dá chuid ballaí.

“Bhronn sé fíor-bheocht agus beatha ar ghné dhaonna na staire dúinn”
Cuairteoir, 14 Sráid Henrietta

“Is fiú go mór cuairt a thabhairt... Ba é an rud ab fhearr ar thugamar cuairt air i mBaile Átha nuair a chaitheamar an lá ag spaisteoireacht”
***** Tripadvisor

Craobhiomaitheoir an Eispéiris Turasóireachta is fearr i mBaile Átha Cliath (faoi 100,000 cuairteoir) i nDámhachtainí Turasóireachta na hÉireann 2019

Cuireadh caomhnú 14 Sráid Henrietta ar an ngearrliosta do Dhuais mhór le rá an Aontais Eorpaigh don Ailtireacht Chomhaimseartha - Dámhachtain Mies veain der Rohe 2019.

 

Áit a chur in áirithe anois

Do thuras a chur in áirithe

Ní féidir cuairt a thabhairt ar 14 Sráid Henrietta ach ar thuras treoraithe.

Maireann na turais thart ar 75 nóiméad agus moltar áit a chur in áirithe roimh ré.

Amanna na dturas
Dé Céadaoin-Dé Sathairn: 10.00; 11.00; 12.00; 13.00; 14.00; 15.00; 16.00
Dé Domhnaigh: 12.00; 13.00; 14.00; 15.00; 16.00
Dé Luain agus Dé Máirt: Dúnta (seachas saoirí bainc)
Ar oscailt ar Shaoirí Bainc (uaireanta oscailte an Domhnaigh)

Praghas Ticéid
€9.00 do dhaoine fásta
Lamháltas €6.00 (pinsinéir seanaoise, mac léinn, leanbh idir 5 agus 18 mbliana d’aois)
Teaghlach €20.00 (a mhéid le 2 dhuine fhásta agus 3 leanbh)

Tá áirithintí scoile agus grúpa ar fáil ar iarraidh, seol ríomhphost, le do thoil, chuig groups@14henriettastreet.ie

Molaimid go dtagann tú i láthair ar a laghad 10 nóiméad sula mbíonn do thuras le tosú agus cuirimid in iúl duit go bhfuil cuid de na hurláir agus na céimeanna san fhoirgneamh míchothrom agus ar fána géar agus molaimid duit bróga compordacha a chaitheamh mar gheall air sin. Tá an t-ardaitheoir ar fáil idir na hurláir do dhuine ar bith ar mian leo é a úsáid.

Áit a chur in áirithe anois
en  |  ga
Eolas Fúinn Nuacht Teagmháil a Dhéanamh Linn Inrochtaineacht Príobháideachas agus Téarmaí