14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA SRAITHE SÓISEARAÍ

MNÁ SHRÁID HENRIETTA

Naisc leis an siollabas:

  • Daoine, cultúr agus smaointe a fhiosrú
  • An tionchar atá ag smaointe nua atá ag athrú ar an gcaoi ar cheart do dhaoine maireachtáil agus an chaoi ar cheart iad a smachtú
  • An tionchar a bhí ag rudaí ar nós athrú daonra, imirce, gorta agus cinedhíothaithe ar shaol gnáthdhaoine
  • An chaoi ar tháinig athrú ar shaol na mban de réir a chéile


Ar go leor bealaí, tháinig athrú suntasach ar shaol na mban agus na gcailíní a raibh cónaí orthu ag 14 Sráid Henrietta le himeacht ama. Bhí stíl mhaireachtála na Bantiarna Molesworth sa teach cathrach Seoirseach i 1751 an-éagsúil le stíl mhaireachtála Bhean Uí Dhúnlaing a raibh cónaí uirthi sa seomra ar an gcéad urlár den tionóntán san 20ú haois. In aimsir na dtionóntán, ba mhinic a shaothraíodh na mná níos mó airgid ná na fir agus iad obair i gceantair áitiúla ar nós Shráid an Mhúraigh agus na margaí máguaird. Ba mhinic a bhíodh mná agus páistí le feiceáil ina suí ar na céimeanna ar laethanta grianmhara agus iad ag cur lasáin i mboscaí nó ag cur cnaipí den Choróin Mhuire ar shnáithe.

Bhí tionchar ag an meath a tháinig ar Shráid Henrietta agus ag ionchais na sochaí maidir le hinscne ar shaol na mban sa tsráid, mar is léir ó na bantiarnaí Seoirseacha a raibh orthu a bheith ina mná céile galánta don uasaicme agus ó na máithreacha sna tionóntáin ag iarraidh teaghlaigh mhóra a thógáil.

AN BHANTIARNA MARY MOLESWORTH (1728 - 1763)

Creidiúint: © An Taisce Náisiúnta Íomhánna/Derrick E. Witty
Creidiúint: © An Taisce Náisiúnta Íomhánna/Derrick E. Witty

A chónaigh i 14 Sráid Henrietta: 1751 - 1758

Mary Jenney Usher a baisteadh ar Lady Mary Molesworth agus ní raibh sí ach cúig bliana déag d'aois nuair a phós sí Richard Molesworth i 1743, agus eisean seasca a trí bliain d'aois. Chuir an t-údar Horace Walpole uirthi mar “a very great beauty, whose amiable character and virtue were beyond all suspicion, untainted and irreproachable.”

Bhí ochtar páistí ag Lady Mary agus fuair sise, deartháir léi agus beirt iníonacha léi (Mary agus Melosina) bás i 1763 nuair a chuaigh teach trí thine i Londain. Coirloscadh ba chúis leis an tine: searbhónta a bhí ag iarraidh gadaíocht a cheilt.

Mary Wollstonecraft (1759 - 1797)

Creidiúint: © National Portrait Gallery, Londain
Creidiúint: © National Portrait Gallery, Londain

Lived in 15 Henrietta Street 1786 - 1787

Bhog Mary Wollstonecraft go dtí 15 Sráid Henrietta i 1786 chun obair a dhéanamh mar mháistreás do mhuintir Kingsborough. Níor réitigh sí go maith le Lady Kingsborough agus briseadh as a post í an bhliain dár gcionn. Cúig bliana ina dhiaidh sin scríobh sí an leabhar feimineach ceannródaíoch A Vindication of the Rights of Woman.

Tugann Wollstonecraft léargas dúinn ar na rialacha sóisialta leatromacha, dar léi, a bhí i bhfeidhm do mhná i mBaile Átha Cliath: “Dublin has not the advantages which result from residing in London; everyone’s conduct is canvassed, and the least deviation from a ridiculous rule of propriety… would endanger their precarious existence”.

View Breathnaigh ar Thascanna 1 - 2