14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA SRAITHE SÓISEARAÍ

GLÓRTHA ÓN AM A CHUAIGH THART

Naisc leis an siollabas:

  • Smaointeoireacht stairiúil a chur i bhfeidhm
  • Naisc idir daoine, eachtraí agus áiteanna sa saol atá thart
  • Stair phearsanta, áitiúil nó teaghlaigh
  • Nósanna nó mórphatrúin athraithe a aithint de réir a chéile


Taifeadtaí de dhaoine ag caint faoina gcuid cuimhní ar an am a chuaigh thart atá sa stair ó bheál. Is cineál fianaise í an stair béil ar an saol a bhí ag daoine san am a chuaigh thart. Tá a lán stair ó bhéal ag 14 Sráid Henrietta faoin saol sna tionóntáin. Taifeadtaí atá sa stair béil sin de dhaoine a bhí ina gcónaí i dtionóntáin ar fud Bhaile Átha Cliath agus i measc na n-ábhar a phléann siad tá bia agus deochanna, an scoil, spraoi agus cluichí agus an t-aistriú go dtí na bruachbhailte. Bailítear stair ó bhéal trí agallaimh a dhéanamh le daoine faoi ábhair éagsúla agus trí cheisteanna a chur orthu faoina gcuid cuimhní ar aimsir faoi leith.

Is cuimhin le go leor daoine a n-óige sna tionóntáin le linn an 20ú haois. Is bealach iontach í an stair ó bhéal chun na cuimhní beo seo a thaifeadadh agus chun léargas soiléir a thabhairt dúinn ar an saol i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath.

Ós rud é go raibh an chuid is mó de na daoine lenar labhair muid ina bpáistí ag an am, tá bailiúchán saibhir cuntas againn ar an saol sna tionóntáin ó thaobh an pháiste. Rinneadh na hagallaimh thíos le daoine a bhí ina gcónaí sna tionóntáin tráth agus pléitear gach gné den saol iontu.

BREITHEANNA & BÁSANNA

AN ÓIGE

AN SAOL LAETHÚIL

AN BIA

AG AISTRIÚ GO DTÍ NA BRUACHBHAILTE

AN SAOL AR SCOIL

AN MUINTEARAS IDIR DAOINE

ÓCÁIDÍ SPEISIALTA

AN SAOL OIBRE

View Breathnaigh ar Thascanna 1 - 2