14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

Ár mBailiúchán

Ag Sráid 14 Henrietta, tá sé mar aidhm againn cur le saol cultúrtha na cathrach agus é a chosaint agus a roinnt. Insímid scéalta, déanaimid ceangail agus nochtaimid an stair.

Ceann de na príomhbhealaí chun é seo a dhéanamh ná tríd ár mbailiúchán.

Is túsphointe é an bailiúchán ag 14 Sráid Henrietta chun go bhfaighidh cuairteoirí agus daoine tuiscint ar stair chathair Bhaile Átha Cliath. Cabhraíonn an bailiúchán linn scéalta na ndaoine a bhí ann romhainn a insint agus a stair a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

Déanaimid ár ndícheall cloí leis an Clár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn a úsáidimid mar threoir maidir leis an mbailiúchán a chaomhnú, a bhainistiú, a thaispeáint agus aire a thabhairt dó.

CAD É ATÁ INÁR mBAILIÚCHÁN?

An foirgneamh

Tá an foirgneamh féin os cionn 300 bliain d’aois agus Is cuid shuntasach é den bhailiúchán.

I ndiaidh do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath uimhir 14 a cheannach sa bhliain 2008, rinneadh athchóiriú ar a bhfoirgneamh a thóg 10 mbliana. Bhí sé riachtanach chun an foirgneamh a tharrtháil, a dhaingniú agus a chaomhnú do na glúnta atá romhainn.

Bhí gá le hoibreacha suntasacha chun eilimintí den fhoirgneamh a shabháil (ar nós aghaidh, díon agus rachtaí an fhoirgnimh) agus fostaíodh ceardaithe oilte chun deisiúcháin speisialaithe agus oibreacha nua a dhéanamh ar ghnéithe ar nós clocha, iarann, siúinéireacht, obair phlástair agus obair coirnise.

Glacaimid cur chuige caomhnaithe atá coisctheach maidir le haire a thabhairt don fhoirgneamh. Ciallaíonn sé seo go ndéanaimid monatóireacht agus anailís ar an mbailiúchán agus ar an timpeallacht ina bhfuil sé, chun cinntí eolacha a dhéanamh faoi conas is fearr é a chaomhnú agus a chosaint.

Cuimhní agus scéalta

Tá áit thábhachtach inár mbailiúchán do chuimhní agus do scéalta.

Áirítear leis seo ábhar cartlainne ar nós grianghraif agus cáipéisí chomh maith le stair béil agus taighde. Leanaimid orainn ag bailiú stair béil a bhaineann leis an saol i mBaile Átha Cliath agus saol na ndaoine ann, trí Do Chuimhní ón dTionóntán, go príomha. (Más maith leat do chuimhní a roinnt linn, féach an leathanach Do Chuimhní ón dTionóntán chun tuilleadh a fháil amach faoi conas is féidir leat bheith páirteach ann.)

Tá na cuimhní agus na guthanna seo i gcroílár 14 Sráid Henrietta agus úsáidimid iad ar bhonn leanúnach mar bhunús don eispéireas sa mhúsaem agus chun é a mhúnlú.

Ábhair

Is iomaí rud atá inár mbailiúchán – ábhair atá ar taispeáint nuair a thagann tú ar cuairt go dtí an músaem chomh maith le rudaí atá á stóráil.

Ar taispeáint i seomraí an tí tá ábhair staire atá tábhachtach ó thaobh chúrsaí sóisialta, sibhialta, tionscail agus staire, agus a bhaineann le stair shóisialta an tí. Cabhraíonn na rudaí seo scéal a insint den am ina raibh siad á n-úsáid. Cé go bhfuil mórán bundéantán againn, áirítear sa bhailiúchán macasamhlacha agus múnlaí seanré, agus cabhraíonn sé seo le cuairteoirí iad féin a thumadh sa timpeallacht thart timpeall orthu.

Freagairtí ealaíonta

Mar chuid níos lú den bhailiúchán, feictear freagairtí ealaíonta scaipthe thart timpealll ar thuras treoraithe an tí.

Faoi láthair, áirítear ina measc scannáin agus filíocht coimisiúnaithe a chuireann brí is anam i scéalta an tí, agus a chuireann leis an scéal leanúnach.

CÚRAM A DHÉANAMH DEN BHAILIÚCHÁN

Tugtar aire ag an leibhéal is airde is féidir don ábhar atá faoinár gcúram agus táimid an-chúramach maidir leis an gcáipéisíocht a bhaineann leis, agus tá leibhéal ard cuntasachta ag gabháil leis an mbailiúchán.

Tá Polasaí Bainistíochta Bailiúcháín i bhfeidhm againn a chinntíonn go ndéantar an t-ábhar go léir a thaispeáint, a stóráil agus a choimeád de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde a bhfuil glacadh leo.

Leagann an Polasaí amach ár gcur chuige maidir le caomhnú coisctheach, le stóráil, le láimhseáil, le bainistí, le srianadh lotnaidí, agus déantar fardel den bhailiúchán iomlán go rialta.

TAIGHDE

Mar mhúsaem staire sóisialta, táimid tiomanta d’ábhar a chur lenár mbailiúchán i gcónaí.

Leanaimid orainn ag déanamh taighde nua mar aon le tionscadail rannpháirteachais phoiblí agus agallaimh staire béil ar bhonn leanúnach chun cur le cartlanna an bhailiúcháin agus iad a fheabhsú, agus taifeadh doiciméadach a thógáil.

ÁBHAIR A DHEONÚ

Cuirimid fáilte roimh ábhair a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leo ó thaobh cúrsaí sóisialta, sibhialta, tionscail agus staire, agus a bhaineann leis an stair ailtireachta agus sóisialta a chuirtear i láthair sa mhúsaem.

Má tá ábhar ar bith agat a cheapann tú go bhféadfadh an músaem suim a chuir ann agus más mian leat é a dheonú, déan teagmháil, le do thoil, lenár gComhordaitheoir Bailiúcháin, Tania Desloge, ag collections@dublincitycouncilculturecompany.ie.

Déanfar measúnú ar gach rud a thairiscítear, bunaithe ar an ábharthacht agus ar an tábhacht stairiúil atá acu mar a bhaineann sé le 14 Sráid Henrietta.