14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

Ár leabhair

Tá 14 Sráid Henrietta thar a bheith ríméadach trí fhoilseachán a chur i láthair, a chuireann le saol na ndaoine a chónaigh ag 14 Sráid Henrietta agus sna háiteanna thart timpeall uirthi agus saol na ndaoine sin a nochtadh.

Iarsmalann stair shóisialta Bhaile Átha Cliath is ea 14 Sráid Henrietta, ina mbreathnaítear ar an bhfoirgneamh óna bhunús mar theach Seoirseach go haimsir na dtionóntán. Nascann muid stair an tsaoil uirbigh thar 300 bliain le scéalta na ndaoine a chónaigh san áit.

Dírítear ar gach ceann de na foilseacháin ar chaibidil shuntasach de stair agus de theacht chun cinn an tí; óna thús Seoirseach mór maith, trína mheath go dtí réadmhaoin ar léas, go dtí an chuid dheireanach dá chónaitheoirí agus a mbogadh go dtí na bruachbhailte.

Is é Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a choimisiúnaíonn na foilseacháin, a chuireann in eagar iad agus a fhoilsíonn iad, agus iad scríofa ag na staraithe Dr Melanie Hayes, Dr Tim Murtagh agus Donal Fallon, agus iad deartha ag Atelier TypoGraphic Design. Cuireann siad leis an obair rannpháirtíochta ar fud an mhúsaeim.

Is iad seo a leanas na trí foilseacháin:

14 Henrietta Street: Georgian Beginnings, 1750 - 1800, By Dr Melanie Hayes
14 Henrietta Street; Grandeur and Decline, 1800 - 1922, By Dr Timothy Murtagh
14 Henrietta Street; From Tenement to Suburbia, 1922 - 1979, By Donal Fallon

Tá na leabhair ar fáil anois le ceannach.

(Cosnaíonn na leabhair €18 an ceann ach is féidir na trí cinn a cheannach le chéile ar phraghas speisialta de €48.)

CEANNAIGN ANOIS


14 Henrietta Street: Georgian Beginnings, 1750 - 1800 by Dr Melanie Hayes

Sa bhliain 1800, bhí Sráid Henrietta ar cheann de na seoltaí ba stáidiúla agus bhí sé mar chuid den uasaicme sna háiteanna Seoirseacha i mBaile Átha Cliath, inar chónaigh cuid de na baill ba chumhachtaí den aicme cheannais Angla-Éireannach.

In 14 Henrietta Street: Georgian Beginnings, breathnaítear ar luathstair 14 Henrietta Street, na chéad daoine a chónaigh ann, muintir Moleswoth, Bowes agus O’Brien, agus an saol a chaith siad laistiar de n éadan brící dearga.

Faoin údar:

Is staraí ailtireachta agus cultúrtha í Dr Melanie Hayes agus déanann sí speisialtóireacht i stair ailtireachta agus shóisialta na hÉireann sa 18ú haois. Bhí Melanie mar chuid d’fhoireann taighde na staraithe ag 14 Sráid Henrietta, agus tá sí fós bainteach leis an músaem mar staraí le haghaidh 14 Sráid Henrietta. Tá Melanie ag obair mar chomhalta iardhochtúireachta faoi láthair, ar ardtionscadal laureate de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn, CRAFTVALUE, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Is é Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a choimisiúnaigh an foilseachán, a chuir in eagar é agus a d’fhoilsigh é, agus oibríonn sé 14 Sráid Henrietta agus is é “Atelier TypoGraphic Design” a dhear é.

Ceannaigh anois


14 Henrietta Street; Grandeur and Decline, 1800 - 1922 by Dr Timothy Murtagh

Faoin mbliain 1900, samhlaíodh Sráid Henrietta leis an mbochtanas agus leis an meath a bhí tagtha ar Bhaile Átha Cliath ag an am de bharr gur bheag nach raibh gach teach ar an tsráid sin á úsáid mar thionóntáin.

In 14 Henrietta Street: Grandeur and Decline, insítear scéal Shráid Henrietta le linn na tréimhse 1800 go 1914. Úsáidtear an scéal a bhaineann le teach agus sráid amháin sa leabhar, agus déantar iniúchadh ann ar nádúr agus ar bhunús ghéarchéim thithíochta Bhaile Átha Cliath sa 19ú haois agus go luath sa 20ú haois. Cé gur scéal dorcha é, is scéal é atá ag teastáil chomh maith, agus baineann idir chruatan agus thragóid, sheasmhacht agus athléimneacht leis an scéal.

Faoin údar:
Fuair Dr Timothy Murtagh a PhD ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 2015, tar éis dó a thráchtas a chur i gcrích ar an stair a bhaineann le hoibrithe Bhaile Átha Cliath sa 18ú haois. Ó 2016 go dtí 2019, ba chomhairleoir staire é le haghaidh 14 Sráid Henrietta. Sa bhliain 2020, ceapadh é mar ‘Chomhalta Fionnachtana Cartlainne’ in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann mar chuid den tionscadal ‘Ó 2022 amach’.

Is é Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a choimisiúnaigh an foilseachán, a chuir in eagar é agus a d’fhoilsigh é, agus oibríonn sé 14 Sráid Henrietta agus is é “Atelier TypoGraphic Design” a dhear é.

CEANNAIGH ANOIS


14 Henrietta Street; From Tenement to Suburbia, 1922 - 1979 by Donal Fallon

Le linn na mblianta tar éis d’Éirinn neamhspleáchas a bhaint amach, tháinig méadú mór tapa ar Bhaile Átha Cliath de réir mar a rinneadh iarracht mar chuid d’fhorbairtí bruachbhailteacha deireadh a chur le tírdhreach tionóntáin. Bhog teaghlaigh ó shráideanna ar nós Shráid Henrietta go háiteanna amhail Cromghlinn, an Chabrach, Fionnbhrú agus Baile Formaid níos déanaí ansin. Dúirt Brendan Behan go habartha nach raibh a leithéid de rud ann agus na bruachbhaile tráth, ‘there is no such thing as suburbia, only Siberia’, ach chuir daoine eile fúthu ansin.

Insítear sa leabhar 14 Henrietta Street; From Tenement to Suburbia an scéal faoi na cónaitheoirí deiridh a bhí i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath agus an chaoi ar bhog siad go dtí saol nua sna bruachbhailte agus san áireamh leis sin sa scéal tá athchuimhní na ndaoine a rinne an turas sin.

Faoin údar:
Staraí, craoltóir agus coimeádaí de bhunadh Bhaile Átha Cliath é Donal Fallon. Bhí Donal Fallon mar Staraí Cónaithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus is é a scríobh roinnt staidéar faoi Bhaile Átha Cliath sa 20ú haois. Cuireann sé amach an podchraoladh “Three Castles Burning” agus chuir sé le foilseacháin lena n-áirítear Jacobin, Dublin Historical Review, Saothar agus The Irish Times. Tá Donal Fallon fós bainteach leis an músaem mar staraí le haghaidh 14 Sráid Henrietta.

Is é Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a choimisiúnaigh an foilseachán, a chuir in eagar é agus a d’fhoilsigh é, agus oibríonn sé 14 Sráid Henrietta agus is é “Atelier TypoGraphic Design” a dhear é.

CEANNAIGH ANOIS


MUSEUM by Dragana Jurišić and Paula Meehan

Is file mór le rá í Paula Meehan agus grianghrafadóir a bhfuil dámhachtainí buaite aici, tagann Dragana Jurišić le chéile chun leabhar a chruthú a dhéanann ceiliúradh ar stair éagsúil na ndaoine a chónaigh sa teach 14 Henrietta Street. Is é an toradh atá ar an méid seo uile ná ‘MUSEUM’, leabhar 68 leathanach, ina bhfuil 11 soinéad, ar tháinig an spreagadh dóibh ón teach le grianghrafadóireacht a glacadh sa teach agus a glacadh den teach sa leabhar céanna. Insíonn focail Paula agus grianghrafadóireacht Dragana scéal an fhoirgnimh agus scéal na ndaoine a chónaigh ann go hálainn.

Beidh a fhios ag cuairteoirí chun an tí faoin dán ‘This Bed, This Raft on Stormy Seas’, atá mar chuid de na turais threoraithe agus é á léamh ag Paula Meehan. D’fhás Paula aníos i dtithíocht tionóntáin i mBaile Átha Cliath agus dúirt: “Airím go bhfuil an t-áth geal orm ar go leor cúiseanna gur tugadh cuireadh dom freagairt don teach agus chun an sraith filíochta seo a chumadh. Rug 14 Sráid Henrietta agus an t-uaigneas a théann leis greim ar mo shamhlaíocht ón nóiméad a chuaigh mé thar an tairseach.” Chuir Dragana Jurišić leis sin: “Chuir mé suim mhór i mballaí an tí: bhí go leor brait bhallapháipéir nó phéinte ann mar aon le pictiúir agus graifítí, bhí siad mar a bheadh léarscáileanna rúnda ann, iad ag iarraidh thú mhealladh chun na céadta cinniúintí a bhí in 14 Sráid Henrietta a shamhlú.”

CEANNAIGH ANOIS

Ní bhaineann ‘MUSEUM’ ach le 14 Sráid Henrietta agus cuireann sé ar chumas daoine píosa den mhúsaem a thabhairt abhaile leo, machnamh a dhéanamh ar an bpíosa céanna agus an scéal a bhaineann leis a chomhroinnt. Má bhíonn aon cheist agat i dtaca le seachadadh an ruda a cheannaigh tú, iarrtar ort ríomhphost a sheoladh chugainn ag: info@14henriettastreet.ie