14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

Caomhnú agus athchóiriú

Chuir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tús le próiseas chun seilbh a ghlacadh ar an teach in 2000 mar thoradh ar Phlean Oidhreachta Chathair Bhaile Átha Cliath 2002 – 2006 agus plean caomhnaithe Shráid Henrietta. Cuireadh ceannach an tí i gcrích in 2008 agus ina dhiaidh sin, chuir siad tús le turas 10 mbliana chun an teach a shábháil, a dhaingniú agus a chaomhnú, agus chaomhnaigh siad an teach do na glúnta atá le teacht. Osclaíodh 14 Sráid Henrietta don phobal sa bhliain 2018.

Ba í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a reáchtáil agus a mhaoinigh athdheisiú agus caomhnú an fhoirgnimh, le tacaíocht bhreise ó Dheontas Caipitil Deich mBliana ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

CAOMHNÚ AGUS ATHCHÓIRIÚ

Bhí obair shuntasach ag teastáil chun aghaidh thosaigh an fhoirgnimh, an dian agus na rachtaí a shábháil, chomh maith leis an gcúlchló agus na fuinneoga saise, agus ní raibh fágtha ach sé cinn de na fuinneoga 18ú haois a bhí sa bhunfhoirgneamh.

Bhí drochbhail ar an teach taobh istigh, agus bhí ag teip go dona ar struchtúr an tí, bhí obair dheisiúcháin ann roimhe sin a rinneadh go dona agus bhí taise ag sileadh isteach sa teach agus bhí lobhadh ann dá réir agus bhí críonlobhadh ag fás go logánta freisin.

Ní raibh an staighre cúil sábháilte le húsáid agus ní raibh staighre an íoslaigh slán ar chor ar bith ó thaobh struchtúir de, rud a d’fhág nárbh fhéidir dul faoi bhun leibhéal urlár na talún. Bhí na céimeanna caite go dona agus baineadh gach ceann de na balastair go hiomlán den staighre seachas 7 gcinn acu. Lobhadh deireadh ghiarsaí an urláir in go leor áiteanna ach go háirithe ag leibhéal urlár na talún. Baineadh amach struchtúr urláir de spás na gcófraí ar fad (an seomra beag ag deireadh shraith na seomraí) rud a rinne tuilleadh dochair do chobhsaíocht struchtúrach an tí.

Ba ó dheireadh an 18ú haois iad dromchlaí na mballaí taobh istigh agus bhí siad slán den chuid is mó, go sa halla cúil agus an staighre ar a raibh na dathanna Gorm agus Dearg Ócair Reckitt, (Reckitt’s Blue and Raddle red), rud a shamhlaítear le dathanna péinte i dtionóntán Bhaile Átha Cliath, agus tá na dathanna sa halla slí isteach, sa halla cúil agus ar an staighre i gcónaí.

Go teicniúil, bhí an t-uafás dúshlán ag baint leis an tionscadal, gan trácht ar atógáil na bunchoda den bhalla cúil a bhí mar chrann taca ag an gcuid uachtarach den teach, méid shriantach an tsuímh agus an áit uirbeach ina bhfuil an teach, rud a d’fhág go raibh deacrachtaí ann maidir le rochtain.

ÚSÁID CEARDAÍOCHTA AGUS SCILEANNA TRAIDISIÚNTA

D’fhostaigh an tionscadal caomhnaithe de chuid 14 Sráid Henrietta, ceardaithe eolacha i réimsí; deisiú cloch; deisiú iarainn shaoirsithe; caomhnú agus macasamhlú ballapháipéir; macasamhlú líonóile; saindeisiú siúinéireachta agus siúinéireacht nua; clúdaigh phéinte agus dromchlaí staire speisialtóireachta; obair phlástair mhaisithe speisialtóireachta (glantachán; deisiúcháin; athchóiriú); plástar aoil agus rindreáil (lena n-áirítear athnuachan agus deisiú); agus deisiúcháin ar thinteáin thílithe ó mheán an 20ú haois go deireadh an 20ú haois.

Chomh maith leis na scileanna traidisiúnta, is léir go raibh sainscileanna ceardaíochta le teastáil le haghaidh an ábhair urláir choincréitigh; bríc-obair balla dhaingin an chúltí nua agus, múnlú an ábhair timpeall an tinteáin nua. Is gné shuntasach de na hoibreacha í go ndearna beagnach na deisiúcháin agus na hoibreacha ar fad ar an láthair (Ní dhearnadh aon ghné lasmuigh den láthair ach an chruach don staighre nua agus an síneadh atá glónraithe le hadhmad).

Tá roinnt mhaith gradam saothraithe ag an obair chaomhnaithe a rinneadh ar 14 Sráid Henrietta.

2024 - RIAI Silver Medal for Conservation and Restoration
Winner for Conservation and Restoration 2017-2019

2018 - RIAI Irish Architecture Awards 2018
Winner Best Conservation / Restoration Project
Winner Best Overall Project

2019 - Mies van Der Rohes Award 2019
EU Prize for Contemporary Architecture - shortlisted

2019 - Irish Georgian Society Architecture Conservation Awards 2019
Shortlisted

A BHUÍ LE

Design Team
Shaffrey Architects: Tomás O’Connor, Project Architect; Eamonn Kehoe, Kevin McKevitt, Brian Rowe, Grainne Shaffrey
Barrett Mahony Consulting Engineer - Civil & Structural Engineers
Arup - Building Services Engineers
DL Martin - Quantity Surveyors
Maurice Johnson and Partners - Fire Safety and DAC
Rubicon Heritage - Archaeology
Liam Kennedy, Dublin City Council - Clerk of Works

Construction
GEM Construction Company Ltd. - Main Contractor
Main Sub-Contractors:
Oldstone Conservation Ltd.
Kiernan Painting Contractors
Keating & Doyle
Alfa Electrical
Gem Joinery
Bushy Park Ironworks
Smyth & Henderson Stuccodores Ltd.

Object Conservation and Advice Team 2017-2018
Sven Habermann, Letterfrack Conservation
Rachael Phelan, Textile Conservation
Liz D’Arcy, Paper Conservation
Maurice Ward Art Handling
Karen Wilson, Preventive Maintenance
Heather Flynn, Frames Direct
David Skinner Wallpapers
John Harte
Susan Mulhall Gilders
Richard Ireland

Earlier Phases of Work and Study for Henrietta Street

Henrietta Street Conservation Plan (Dublin City Council, 2006)
Commissioned as an action of the Dublin City Heritage Plan
Donncha O’Dulaing, Heritage Officer Dublin City Council
Grainne Shaffrey, Shaffrey Architects
Sharon Greene, Carrig Conservation International
Dr. Tracey Pickerill
Dr. John Montague
Boylan Farrelly QS
Lee McCullough & Partners Consulting Engineers

Emergency Stabilisation Works (Phase 1: 2008 - 2009)
Declan Wallace, Assistant Chief Executive, Dublin City Council
Charles Duggan, Heritage Officer, Dublin City Council; Project Manager
Grainne Shaffrey, Shaffrey Associates Architects; Lead Architect
Eamonn Kehoe, Shaffrey Associates Architects
Dr Lorcán O’Flannery, Lee McCullough Engineers; Structural Engineer
Susan Roundtree, City Architects Division, Dublin City Council
Patricia Wrafter, City Architects Division, Dublin City Council
Dunwoody Dobson, Main Contractor

Conservation and Reinstatement of Windows and Doors (Phase 2:2010 – 2011)
Declan Wallace, Assistant Chief Executive, Dublin City Council
Charles Duggan, Heritage Officer, Dublin City Council; Project Manager
Grainne Shaffrey, Shaffrey Architects
Eamonn Kehoe, Shaffrey Architects
Susan Roundtree, Senior Architect, Dublin City Council
Carl Raftery, Conservation Research Officer, Dublin City Council
Peter Clarke, Dublin Institute of Technology
National Joinery, Main Contractor

Funding Acknowledgements
14 Henrietta Street Museum (Phase 3):
Department of Culture Heritage and the Gaeltacht – Centenaries Capital Grant Programme
Emergency Stabilitation Works (Phase 1):
Department of Culture Heritage and the Gaeltacht - Civic Structures Grant Scheme
Windows and Doors Conservation (Phase 2):
Heritage Council: Conservation Plan Led Projects