Gradam Oidhreachta na hEorpa / Gradam Europa Nostra 2026 buaite ag 14 Sráid Henrietta
NewsStoriesPublished 21 April 2026

Is músaem staire sóisialta faoi shaol Bhaile Átha Cliath é 14 Sráid Henrietta, a nascann stair an tsaoil uirbigh le scéalta na ndaoine a raibh an foirgneamh mar bhaile acu thar 300 bliain. Tógadh an teach san 18ú haois mar áit chónaithe mhór, agus athraíodh 14 Sráid Henrietta ina dhiaidh sin ina theach tionóntáin do go leor teaghlach.
Mar bhuaiteoir Ghradam Oidhreachta na hEorpa / Ghradam Europa Nostra sa chatagóir dámhachtainí Rannpháirtíocht agus Ardú Feasachta na Saoránach, ní músaem sa chiall thraidisiúnta é 14 Sráid Henrietta. Is é an nós atá ann éisteacht agus labhairt le hiarchónaitheoirí, leis an bpobal áitiúil, le cuairteoirí, le staraithe agus le saineolaithe agus, ar an gcaoi sin, coimeádann 14 Sráid Henrietta daoine i gcroílár an mhúsaeim agus cinntíonn sí go bhfuil an meáchan céanna ag scéalta na ndaoine a mhair anseo agus atá ag na fíricí stairiúla doiciméadaithe. Ar an mbealach sin, leanann an músaem ag bailiú cuimhní agus ag teacht ar scéalta nua chun eispéireas a chruthú ina gcaomhnaítear an stair agus ina n-aimsítear, ina roinntear agus ina dtugtar chun na beatha go leanúnach í lena chois sin.
Cuireadh an músaem ar an ngearrliosta freisin don dara duais, a chinntear trí vóta poiblí. Is é Gradam Rogha an Phobail 2026 an dara duais fhéideartha seo agus is féidir vótaí a chaitheamh go dtí an 12 Bealtaine ag an nasc seo caith vóta ar líne.
ShopBook Now
