14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

Beannachtaí ó 14 Sráid Henrietta

Stories

Published 16 May 2025

Sa léaráid lámhlínithe seo leis an ealaíontóir mór le rá Francis Leavey, feictear príomhdhoras an tí ag uimhir 14 agus insítear scéal pearsanta ó chroí atá ceangailte le creatlach féin ár bhfoirgnimh stairiúil.

Tá ardmholadh faighte ó gach cearn ag Leavey, ar éirigh leis a áit féin a shaothrú i ndomhan na healaíne. Tá clú ar a shaothair as an inspioráid a thugann siad do dhaoine chun an áilleacht atá iontu féin agus sa domhan atá timpeall orthu a aimsiú. Is é an nasc ar leith atá aige le 14 Sráid Henrietta a spreag an comhoibriú seo agus cruthú an chárta. Le linn turais in 14 Sráid Henrietta le daoine dá mhuintir a bhí ar cuairt ón gcoigríoch, chuir Leavey in iúl dár bhfoireann go mbíodh cónaí ar a sheantuismitheoirí san fhoirgneamh agus, de réir a dteastais pósta, gur saolaíodh a athair ansin 87 bliain ó shin.

Tar éis a chuairte, chruthaigh Francis an léaráid, chomhroinn ar a phróifíl Instagram é agus chlibeáil sa phostáil muid. Is é an t-idirghníomhú meán sóisialta sin a ghríosaigh muid le dul i dteagmháil leis i gcomhair comhoibrithe chun an cárta beannachta seo a chruthú.

Tá an leagan is nuaí ar fáil lena cheannach ónár siopa, in éineacht le rogha leabhair nótaí agus foilseachán, agus iad uilig mar thaca le healaíontóirí agus oidhreacht an cheantair áitiúil.

Féach ar ár siopa ar líne anseo

 

14HS Website Photos 4
14HS Website Photos 5