14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA SRAITHE SÓISEARAÍ

Introduction

Creidiúint: Le caoinchead ó Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann
Creidiúint: Le caoinchead ó Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann

Iarsmalann stair shóisialta Bhaile Átha Cliath is ea 14 Sráid Henrietta, ina mbreathnaítear ar an bhfoirgneamh óna bhunús mar theach Seoirseach go haimsir na dtionóntán. Nascann muid stair an tsaoil uirbigh thar 300 bliain le scéalta na ndaoine a chónaigh san áit.

Is do mhúinteoirí staire an pacáiste acmhainní seo ar mian leo a gcuid daltaí Sraithe Sóisearaí a thabhairt ar cuairt go dtí 14 Sráid Henrietta. Is é an aidhm atá leis an bpacáiste seo ná sraith cás-staidéar, gníomhaíochtaí molta agus acmhainní breise a chur ar fáil duit chun cuidiú leat ceachtanna a phleanáil do do ghrúpa staire Sraithe Sóisearaí.

AN NASC IDIR AN PACÁISTE SEO AGUS AN CURACLAM

Déantar plé sa phacáiste acmhainní seo ar thopaicí éagsúla i siollabas staire na Sraithe Sóisearaí i gcomhthéacs 14 Sráid Henrietta. Is féidir an pacáiste a úsáid sula dtugann sibh cuairt ar 14 Sráid Henrietta nó ina dhiaidh.

Forbróidh do ghrúpa a scileanna mar staraithe trí na huirlisí sa phacáiste seo, beag beann ar an ábhar staidéir. Tá naisc thar a bheith láidir le snáitheanna 2 agus 3 den siollabas, áfach:

Príomhathruithe a Aithint

  • Príomhathruithe / forbairtí i réimsí na polaitíochta agus i gcaidreamh idirnáisiúnta
  • Tionchar lonnaíochta agus úinéireachta talún ar smaointe na féiniúlachta
  • Ról daoine aonair suntasacha mar ghníomhairí athraithe

Daoine, cultúr agus smaointe a fhiosrú

  • An tionchar atá ag smaointe nua atá ag athrú ar an gcaoi ar cheart do dhaoine maireachtáil agus an chaoi ar cheart iad a smachtú
  • An tionchar a bhí ag rudaí ar nós athrú daonra, imirce, gorta agus cinedhíothaithe ar shaol gnáthdhaoine
  • An chaoi ar tháinig athrú ar shaol na mban de réir a chéile

Smaointeoireacht stairiúil a chur i bhfeidhm

  • Naisc idir daoine, eachtraí agus áiteanna sa saol atá thart
  • Comhbhá stairiúil a bhrath agus iniúchadh á dhéanamh ar dhaoine sa saol atá caite
  • Stair phearsanta, áitiúil nó teaghlaigh
  • Nósanna nó mórphatrúin athraithe a aithint de réir a chéile
  • Coincheapa cosúil le cultúr agus saoránacht agus cumhacht agus údarás


Tá Snáithe 1 den siollabas, Nádúr na Staire, mar bhonn agus taca ag na coincheapa sa phacáiste seo.

View Breathnaigh ar Ghníomhaíocht 1: Athrú

View Gníomhaíocht 2: Mná

View Gníomhaíocht 3: Glórtha

View Acmhainní Breise

View Priontáil Acmhainní don tSraith Shóisearach