14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA SRAITHE SÓISEARAÍ

TASC 1: SRÁID HENRIETTA I gCAITHEAMH AN AMA

Tarraingígí líne ama de Shráid Henrietta. Cuirigí leis an líne ama seo:

  • Dátaí tábhachtacha
  • Athruithe móra ar an tsráid
  • Imeachtaí náisiúnta agus domhanda ba chúis leis na hathruithe seo
  • Pearsana móra agus an bhaint a bhí acu leis na hathruithe seo
  • Conas a d’athraigh an fhéiniúlacht ar an tsráid le himeacht ama

TASC 2: AG ÚSÁID AN DAONÁIRIMH

  • Céard é an Daonáireamh?
  • Féachaigí ar Dhaonáireamh na hÉireann (http://www.census.nationalarchives.ie/search/)
  • Roghnaígí 1901 mar 'Census Year', roghnaígí ‘Dublin’ mar 'County' agus clóscríobh ‘Henrietta Street’ sa spás i gcomhair 'Townland/street’.
  • Roghnaígí ‘Show all information’.
  • Beidh sibh in ann féachaint ar ainm, aois, reiligiún agus post gach duine.
  • Déanaigí liosta de chuid de na poist seo - an bhfuil aon phost ann nach n-aithníonn sibh? Céard iad?
  • Féachaigí ar an daonáireamh arís ach roghnaígí 1911 an uair seo. Cuirigí na poist a bhí ag daoine i gcomparáid leis na poist i 1901. Céard iad na poist atá sa dá dhaonáireamh? An bhfuil poist nua ann?
  • Déanaigí liostaí de na poist a bhí ag fir agus na poist a bhí ag mná don dá bhliain 1901 agus 1911. Céard iad na cineálacha post a bhí ag fir agus ag mná? An raibh siad éagsúil le chéile? An raibh siad mar a chéile?