14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA

ROINNT CEISTEANNA MACHNAIMH:

Sna 1720idí, thug Luke Gardiner faoi athrú ó bhonn a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath trí thithe móra a thógáil, gan ach tríocha bliain imithe thart ó Chath na Bóinne.

  • Céard a bhí ag tarlú in Éirinn/san Eoraip a d'fhág go raibh an saibhreas sin sa chathair?
  • Cén tionchar a bhí ag an bparlaimint ag Faiche an Choláiste ar an tír roimh Acht an Aontais?
  • Cén saghas saoil a bhí ag mná Shráid Henrietta?
  • Tar éis Acht an Aontais, tháinig meath ar chuid mhaith de na foirgnimh Sheoirseacha i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Cén chúis a bhí leis seo?
  • Cén tionchar a bhí ag Acht an Aontais ar Shráid Henrietta? An raibh an tionchar céanna ag Acht an Aontais ar Shráid Henrietta agus mar a bhí ar cheantair eile i mBaile Átha Cliath sa ré Sheoirseach?