14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA

AIMSIR NA dTIONÓNTÁN AGUS LEASÚ SÓISIALTA (SRÁID HENRIETTA 1870 - 1914)

Naisc leis an siollabas:

  • Gluaiseachtaí don leasú polaitíochta agus sóisialta, 1870-1914
  • Cás-staidéar: Baile Átha Cliath 1913 – stailc agus frithdhúnadh


I rith an Ghorta Mhóir idir 1845-49 bhog líon ollmhór daoine in Éirinn ón tuath go dtí na cathracha. Tháinig tiarnaí talún i dtír ar an éileamh ar thithíocht trí thithe Seoirseacha a cheannach agus a athchóiriú mar áiteanna cónaithe do theaghlaigh éagsúla, agus thugtaí "tionóntáin" ar na háiteanna cónaithe seo.

Ó na 1860idí ar aghaidh, athchóiríodh roinnt tithe ar Shráid Henrietta mar fhoirgnimh thionóntáin. In 1876, cheannaigh Thomas Vance – arbh as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath dó – 14 Sráid Henrietta agus bhí sé i gceist aige tionóntán 14 árasán a dhéanamh den teach. Bhain sé amach na simléir mharmair agus na doirse mahagaine ón ré ghalánta Sheoirseach agus dhíol sé iad ar ceant. Bhain sé amach an staighre galánta ionas go bhféadfadh sé níos mó seomraí a chur ann agus rinne sé staighre comhroinnte de staighre na searbhóntaí. Chuir sé dhá leithreas ann.

Ar feadh cúpla scór bliain ina dhiaidh sin, bhí cónaí ar líon ollmhór oibrithe agus daoine bochta ag 14 Sráid Henrietta agus ag tionóntáin eile ar fud Bhaile Átha Cliath. I ndaonáireamh 1911, bhí níos mó ná 100 duine cláraithe a bheith ina gcónaí ag 14 Sráid Henrietta, teach a tógadh i gcomhair teaghlach amháin sna 1700idí.

Fiosrúchán Tithíochta Bhaile Átha Cliath, 1913-1914

Spreagadh Fiosrúchán Tithíochta Bhaile Átha Cliath, a d'fhoilsigh an Bord Rialtais Áitiúil d'Éirinn, nuair a thit dhá fhoirgneamh tionóntáin anuas ag Uimh. 66 agus Uimh. 67 Sráid an Teampaill ar an 2 Meán Fómhair 1913, tubaiste ina bhfuair seachtar bás agus inar gortaíodh a lán daoine. Cúis eile a bhí leis an bhfiosrúchán ná go raibh an pobal ag díriú níos mó ar chúinsí maireachtála na mbocht tar éis Fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath.

Fuarthas amach sa tuarascáil ón bhfiosrúchán go raibh cónaí ar níos mó ná 20,000 teaghlach i dtionóntáin aon seomra (23% den daonra iomlán). Socraíodh go raibh a lán foirgneamh “unfit for human habitation”. In éineacht leis an tuarascáil bhí sraith grianghraf a cheaptar a tógadh I bhfómhar na bliana 1913 agus ina raibh cúinsí maireachtála sna tionóntáin le feiceáil. Ba é John Cooke, Cisteoir Oinigh The National Society for the Prevention of Cruelty to Children (NSPCC), a chuir na grianghraif faoi bhráid Fhiosrúchán Tithíochta Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna 1913.

Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte i mí Feabhra 1914, ach nuair a bhris an cogadh amach i samhradh na bliana sin, níor thug polaiteoirí tús áite do chúinsí tithíochta i mBaile Átha Cliath a thuilleadh.

“I condemn the whole of the tenement system now existing. It breeds misery; and worse. It causes a great waste of human life and human force; men, women and children can never rise to the best that is in them under such conditions.” - John Cooke, 1913

Is féidir an tuarascáil iomlán a íoslódáil sa mhír ‘Acmhainní Breise’ thíos. Is iad seo a leanas roinnt sleachta ó mholtaí an choiste:

FIANAISE AR AN SAOL I dTIONÓNTÁN 14 SRÁID HENRIETTA

1877: Fógra do Lóistín i 14 Sráid Henrietta ón Irish Times:

"To be let to respectable families in a large house, Northside, recently papered, painted and filled up with every modern sanitary improvement, gas and wc on landings, Vartry Water, drying yard and a range with oven for each tenant; a large coachhouse, or workshop with apartments, to be let at the rere. Apply to the caretaker, 14 Henrietta St."

Image: Dublin Housing Inquiry 1914 - John Cooke
Image: Dublin Housing Inquiry 1914 - John Cooke
Fiosrúchán Tithíochta Bhaile Átha Cliath, 1914 – John Cooke
Fiosrúchán Tithíochta Bhaile Átha Cliath, 1914 – John Cooke
Children on Henrietta Street: Courtesy of the Royal Society of Antiquaries of Ireland
Children on Henrietta Street: Courtesy of the Royal Society of Antiquaries of Ireland

Breathnaigh ar Thasc 1: Ceisteanna