14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA

DEIREADH LEIS NA TIONÓNTÁIN

Naisc leis an siollabas:

  • An rialtas, an geilleagar agus an tsochaí i bPoblacht na hÉireann, 1949-1989

Tar éis Fhiosrúchán Tithíochta Bhaile Átha Cliath, tugadh ordú a lán tionóntán a leagan agus le linn an 20ú haois cuireadh árasáin ar fáil i lár na cathrach do na daoine a bhí ina gcónaí iontu, leithéidí Henrietta House taobh thiar de 14 Sráid Henrietta agus forbairtí sna bruachbhailte: Baile Formaid, Baile Munna, an Chúlóg, Cromghlinn, Darndál, Droimeanach agus Fionnghlas.

B'athrú ollmhór é seo do na daoine a bhí ina gcónaí sna tionóntáin. Bhí ríméad ar chuid acu cur fúthu i dtithe a raibh seomra folctha agus gairdín dá gcuid féin acu. Bhraith daoine eile spiorad pobail na dtionóntán uathu agus ba dheacair dóibh taisteal idir na bruachbhailte agus ionaid oibre agus scoileanna sa chathair.

Fianaise ar an saol ar Shráid Henrietta sa dara leath den 20ú haois:

Is cuimhin le go leor daoine a n-óige sna tionóntáin le linn an 20ú haois. Is bealach iontach í an stair ó bhéal chun na cuimhní beo seo a thaifeadadh agus chun léargas soiléir a thabhairt dúinn ar an saol i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath.

Ós rud é go raibh an chuid is mó de na daoine lenar labhair muid ina bpáistí ag an am, tá bailiúchán saibhir cuntas againn ar an saol sna tionóntáin ó thaobh an pháiste. Rinneadh na hagallaimh thíos le daoine a bhí ina gcónaí sna tionóntáin tráth agus pléitear gach gné den saol iontu.

BREITHEANNA & BÁSANNA

AN ÓIGE

AN SAOL LAETHÚIL

AN BIA

AG AISTRIÚ GO DTÍ NA BRUACHBHAILTE

AN SAOL AR SCOIL

AN MUINTEARAS IDIR DAOINE

ÓCÁIDÍ SPEISIALTA

AN SAOL OIBRE

Breathnaigh ar Thasc 1: Ceisteanna