14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA

ROINNT CEISTEANNA MACHNAIMH

  • Aistríodh cónaitheoirí ó na tionóntáin go forbairtí nua ar fud na cathrach thar thréimhse timpeall ochtó bliain. Cén fáth ar mhair an próiseas an oiread sin ama?
  • Éistigí leis an stair ó bhéal ar an leathanach roimhe seo. Cé chomh mór agus a aontaíonn na guthanna maidir le saol na dtionóntán? An bhfuil aon samplaí d’easaontú ann, nó de thaithí éagsúil?
  • Céard is féidir a rá ón stair ó bhéal seo faoin tsochaí i bPoblacht na hÉireann sa dara leath den 20ú haois?
  • Smaoinígí ar an stair ó bhéal mar fhianaise: cé chomh hiontaofa atá na taifid seo? Cén chaoi a bhféadfadh siad a bheith neamhiontaofa? Céard iad na buntáistí agus na teorainneacha a bhaineann le stair ó bhéal mar fhianaise ar thréimhse sa stair?