Acmhainní Scoile ag 14 Sráid Henrietta
NewsStoriesPublished 17 November 2025

Thug breis agus 150 grúpa scoile cuairt ar 14 Sráid Henrietta anuraidh. Tá stair 300 bliain an tí mar léiriú ar chuid mhór de na hathruithe a tháinig ar Bhaile Átha Cliath i rith a shaolré. Acmhainn den scoth do mhúinteoirí atá ann dá bhrí sin, toisc gur féidir é a cheangal le snáitheanna iomadúla de churaclam staire na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon.
Chomh maith lenár dturais shaincheaptha, cuirimid acmhainní saor in aisce ar fáil do mhúinteoirí. Tá siad sin ceaptha le húsáid sa seomra ranga, bíodh sé sin roimh chuairt ar an teach nó ina dhiaidh sin. Trí mheán scrúdú ar ghrianghraif, gearrthóga físe, sleachta staire ó bhéal agus foinsí staire eile, is féidir le múinteoirí na hacmhainní sin a úsáid chun a rang a ullmhú do chuairt nó chun tógáil ar ar fhoghlaim siad le linn turais. Léiriú ar stair fhada an tí atá sna acmhainní sin, ón ré Sheoirseach go saol na dtionóntán, agus béim a cur iontu ar scéalta a chomhroinn iarchónaitheoirí sna tionóntáin.
Cuimsíonn siad tascanna agus gníomhaíochtaí éagsúla, ar féidir le múinteoirí iad a roghnú mar is áil leo de réir leibhéal an ranga agus chineál an tionscadail. Ar an mbealach sin, tá siad ceaptha a bheith solúbtha inoiriúnaithe do gach múinteoir agus gach rang. I measc na ngníomhaíochtaí do ghrúpaí bunscoile, iarrtar orthu cluichí tionóntáin amhail Piggy Beds a imirt agus a n-amlíne féin a chruthú.
Sna tascanna Ardteistiméireachta, iarrtar ar na daltaí anailísiú a dhéanamh ar fhoinsí éagsúla staire agus tabhairt faoin thaighde neamhspleách, i measc rudaí eile. Is trí phróiseas comhoibríoch ina raibh treoraithe na hiarsmalainne páirteach, mar aon le haiseolas ó dhaltaí agus múinteoirí, a cruthaíodh na hacmhainní.
Roinntear ár n-acmhainní scoile idir leibhéil na bunscoile, na sraithe sóisearaí, na hidirbhliana agus na hArdteiste. Tá siad ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Is féidir féachaint orthu ar líne, iad a phriontáil mar cháipéisí PDF nó iad a bhailiú mar phacaí priontáilte le linn cuairte ar 14 Sráid Henrietta. Tá ár n-acmhainní ar fáil anseo.
Más mian leat paca acmhainní priontáilte a iarraidh nó aiseolas a roinnt maidir le do chuid úsáide as na hacmhainní, déan teagmháil linn ag info@14henriettastreet.ie nó ar 01-5240383.
ShopBook Now