14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA

RÉAMHRÁ

Grúpa Óige TNN | Creidiúint: Dan Butler
Grúpa Óige TNN | Creidiúint: Dan Butler

Iarsmalann stair shóisialta Bhaile Átha Cliath is ea 14 Sráid Henrietta, ina mbreathnaítear ar an bhfoirgneamh óna bhunús mar theach Seoirseach go haimsir na dtionóntán. Nascann muid stair an tsaoil uirbigh thar 300 bliain le scéalta na ndaoine a chónaigh san áit.

Is do mhúinteoirí staire an pacáiste acmhainní seo ar mian leo a gcuid daltaí Ardteistiméireachta a thabhairt ar cuairt ar 14 Sráid Henrietta. Is é an aidhm atá leis an bpacáiste seo ná sraith cás-staidéar agus acmhainní breise a chur ar fáil duit chun cuidiú leat gníomhaíochtaí, ceachtanna agus tionscadail a dhearadh do do ghrúpa staire Ardteistiméireachta.

An nasc idir an pacáiste seo agus an siollabas staire

Déantar plé sa phacáiste acmhainní seo ar thopaicí éagsúla i siollabas staire na hArdteistiméireachta i gcomhthéacs 14 Sráid Henrietta. Is féidir an pacáiste a úsáid sula dtugann sibh cuairt ar 14 Sráid Henrietta nó ina dhiaidh.

Tá ceangal idir an pacáiste agus príomhchúraimí an tsiollabais staire, go háirithe ‘Eispéireas an duine – cúram na staire’; ‘Am agus athrú – éirim na staire’ agus ‘Tuiscint a fhorbairt – athbhreithniú ar an stair’.

Forbróidh do ghrúpa a scileanna mar staraithe trí chuairt a thabhairt ar 14 Sráid Henrietta agus trí na huirlisí sa phacáiste seo, beag beann ar an ábhar staidéir. Tá naisc thar a bheith láidir leis na míreanna seo a leanas den siollabas, áfach:

An Nua-Aois Luath:

  • Deireadh na ríochta Éireannaí agus bunú an Aontais, 1770-1815

An Nua-Aois Dhéanach:

  • Éire agus an tAontas, 1815-1870
  • Gluaiseachtaí don leasú polaitíochta agus sóisialta, 1870-1914
  • Cás-staidéar: Baile Átha Cliath 1913 – stailc agus frithdhúnadh
  • An rialtas, an geilleagar agus an tsochaí i bPoblacht na hÉireann, 1949-1989

Ar fud an phacáiste seo, dírítear ar chineálacha éagsúla fianaise chun an chuid den chreat siollabais 'Ag obair le fianaise' a léiriú.

Breathnaigh ar Ghníomhaíocht 1: Bunús Seoirseach

Breathnaigh Gníomhaíocht 2: Leasú Sóisialta

Breathnaigh Gníomhaíocht 3: Deireadh leis na Tionóntáin

ACMHAINNÍ BREISE

Priontáil na hAcmhainní Ardteistiméireachta