14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE

CLUICHÍ NA dTIONÓNTÁN Á bhFIOSRÚ

Foghlaimeoidh do rang faoi chluichí agus faoi chaitheamh aimsire sna tionóntáin. Bainfidh siad úsáid as píosaí éagsúla fianaise le cluichí in aimsir na dtionóntán a fhiosrú agus úsáidfidh siad a gcuid scileanna mar staraithe chun fianaise nua a bhailiú ar chluichí san am a chuaigh thart agus san am i láthair dá n-iarsmalann féin.

Ag obair mar staraí:

  • Ag úsáid fianaise

Naisc leis na snáitheanna seo a leanas sa churaclam staire:

  • Rang 1-2
    Nuair a bhí mo sheantuismitheoirí óg
    Mé féin
    Mo theaghlach nó teaghlach duine a bhfuil aithne agam orthu
    Cluichí san am atá caite

  • Rang 3-4
    Scéalta ó shaolta daoine a mhair san am atá thart
    An saol sa 19ú haois: fóillíocht agus caitheamh aimsire
    Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá caite

  • Rang 5-6
    Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá caite: cluichí sráide
    Scéalta ó shaolta daoine a mhair san am atá thart
    An saol sa 19ú haois
    Teanga agus cultúr in Éirinn ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois
    An saol le linn an Dara Cogadh Domhanda
    An saol in Éirinn ó na 1950idí i leith

Comhtháthú ábhar:

  • Tíreolaíocht: Imshaoil dhaonna - Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
  • Corpoideachas: Cluichí
  • Eolaíocht: Dúile Beo - Mise
  • OSPS: Mé féin agus an saol mór - Saorántacht á forbairt

 

View Breathnaigh ar Thascanna 1 - 3: