14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

TURAS SIÚLÓIDE AR BHAILE ÁTHA CLIATH SEOIRSEACH: SRÁID HENRIETTA AGUS A TIMPEALLACHT

Téigh ar turas trí Baile Átha Cliath Seoirseach, le turais siúlóide threoraithe ón músaem 14 Sráid Henrietta a bhfuil dámhachtainí buaite aige.

Tosaíonn ár dturas ar Shráid Henrietta, an chéad sráid Sheoirseach i mBaile Átha Cliath agus is macasamhlacha iad na sráideanna Seoirseacha eile bunaithe ar an tsráid sin. Rianaímid cinniúintí Eastát Ghairdinéir i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, ó Shráid Henrietta go dtí Cearnóg Mhuinseo, ón tús nuair a bhí cáil air mar an seoladh is fearr sa bhail go dtí an meath a tháinig air nuair a rinneadh tithíocht tionóntáin de. Is scéal é a léiríonn cinniúintí Chathair Bhaile Átha Cliath agus go leor de na daoine a chónaigh ann.

Foghlaimeoidh cuairteoirí faoin bhfear a thóg Sráid Henrietta, faoin seoid i sa choróin Sheoirseach (the Jewel in the Georgian Crown), faoi na nósanna maireachtála agus faoi shaol sóisialta na dteaghlach a chónaigh ann, lena n-áirítear muintir Molesworth ó theach uimhir 14, agus faoin gcaoi ar chruthaigh fís agus intleachtacht fir amháin an chéad ospidéal máithreachais riamh ar domhan.

Rinneadh ceiliúradh sa bhliain 2021 ceiliúradh 300 bliain ar Shráid Henrietta, nuair a cheannaigh muintir Gardiner an talamh in 1721 agus forbraíodh an tsráid go gairid ina dhiaidh sin. Tosaíodh ré órga Bhaile Átha Cliath Seoirseach nuair a cuireadh tús le tógáil Shráid Henrietta nuair a athraíodh an dreach cathrach ó bhonn go dtí an chathair a fheicimid inniu. Tabharfar cuairteoirí go dtí cuid de na seoltaí is saibhre i mBaile Átha Cliath agus go dtí cuid de na mórchearnóga Seoirseacha, déanfar iniúchadh sa turas ar stair ailtireachta agus shóisialta na cathrach agus nochtfar ann sonraí faoin saol a bhí ann laistiar de na ballaí brící dearga galánta.

Page last updated: 15/07/2024

Amanna na dturas

Céadaoin, Satharn agus Domhnach ag 11:30r.n. agus 2i.n.

PRAGHAS NA dTICÉAD

€10 do dhuine fásta
€8 lascaine (os cionn 60 bl, mac léinn)

Sábháil 10% ar na praghsanna ticéid thuas nuair a chuireann tú áit in áirithe don Chuairt Siúil ar an Teach agus don Turas Tí. (Déanfar an lascaine go huathoibríoch i do mhála siopadóireachta.)

déan airithint anois