14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

TABHAIR CUAIRT AR 14 SRÁID HENRIETTA - TURAS TREORAITHE

Page last updated: 15/07/2024

Déanaimid saol cultúrtha na cathrach a chosaint agus a chomhroinnt, agus cuirimid leis. Insímid scéalta, cuirimid daoine i gceangail lena chéile, agus déanaimid an stair a nochtadh.

Iarsmalann staire sóisialta de shaol Bhaile Átha Cliath is é 14 Sráid Henrietta, ina ndéantar scrúdú ar shaol aon fhoirgnimh amháin, ó thús Ré Sheoirse suas go dtí aimsir na dtionóntán. Déanaimid ceangal idir 300 bliain de stair an saoil uirbigh agus scéalta na ndaoine a chuir fúthu san áit seo.

Cuireann na turais treoraithe beocht i scéalta na ndaoine a chónaigh sa teach, a ndálaí a d’athraigh, a dtaithí ar theaghlaigh, ar an bpolaitíocht agus ar chúrsaí domhanda.

Samhlaítear scéal mhuintir Bhaile Átha Cliath le scéalta an tí agus na sráide.

Féach ar an teach, faigh amach faoi na scéalta a bhaineann leis agus faigh amach faoin stair ar fad a bhaineann le Baile Átha Cliath laistigh de na ballaí.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fhail faoina bhfuil i gceist le cuairt a thabhairt ar 14 Sráid Henrietta anois.

Chruthaíomar Scéal Físe freisin lena chomhroinnt leis na daoine a úsáideann téacs agus eolas atá bunaithe ar íomhánna mar ullmhúchán le haghaidh cuairt ar an teach seo. Tugtar chun solais ann gnéithe den turas agus an cur chuige inrochtana a úsáidimid chun eispéireas iontach a chur ar fáil.

Má bhíonn aon cheist agat, ná bíodh drogall ar bith ort teagmháil a dhéanamh linn ag info@14henriettastreet.ie ná glaoch orainn ar +353 1 524 0383.

Tá an duais Silletto Prize buaite ag 14 Sráid Henrietta ag Dámhachtainí Mhúsaem Eorpach an Bliana 2020, (European Museum of the Year Awards 2020).

Déan áirithint anois

 

ÁR dTURAIS

Ní féidir 14 Sráid Henrietta a rochtain ach trí thuras treoraithe. Maireann na turais thart ar 75 nóiméad agus moltar áit a chur in áirithe roimh ré de bharr go bhfuil teorainn le líon na ndaoine ag a bhfuil cead dul isteach ann. Glactar le hairgead tirim agus le híocaíocht chárta san iarsmalann.

Is ionann áirithint de dheichniúr agus áirithint ghrúpa; iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn ag info@14henriettastreet.ie chun áit a chur in áirithe.

Amanna na dturas

Céadaoin - Domhnach: Gach uair an chloig idir 10r.n. agus 4i.n.
Déardaoin - 10r.n. - 6i.n.
Luan agus Máirt: Dúnta

PRAGHAS NA dTICÉAD

€10 do dhuine fásta
€8 lascaine (os cionn 60 bl, mac léinn)
€6 Páiste (5 bl. +)
€0 Páiste (faoi 5 bl.)
€0 do Chúramóirí (Faigheann cúramóirí atá ag tacú leis an duine atá faoina gcúram ár dticéid saor in aisce le linn na cuairte ar 14 Sráid Henrietta.)

dean airithint anois

Sábháil 10% ar na praghsanna ticéid thuas nuair a chuireann tú áit in áirithe don Chuairt ar an Teach agus don Turas Siúlóide Seoirseach. (Déanfar an lascaine go huathoibríoch i do mhála siiopadóireachta.)

Is féidir áiteanna a chur in áirithe le haghaidh scileanna agus grúpaí ach iad a iarraidh, seol ríomhphost chuig info@14henriettastreet.ie.

Bíodh a fhios agat go bhfuil cuid de na hurláir agus na céimeanna san fhoirgneamh míchothrom agus géar, agus iarrtar ort bróga compordacha a chaitheamh dá bharr sin. Tá rochtain ar ardaitheoir freisin idir na hurláir do dhuine ar bith ar mhaith leis é a úsáid.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chuairt a phleanáil anseo.

TEISTIMÉIREACHTAÍ ...

“An absolute must for any visitor to Dublin” ***** Tripadvisor

When you enter 14 Henrietta Street you’ll experience over 300 years of city life in the walls of one address. Our intimate guided tours bring you on a journey from the houses grand Georgian beginnings to the tenement dwellings of its later years. By connecting to the personal stories of those who called 14 Henrietta Street home the building’s hidden histories are revealed.

The stories of the house and street mirror the story of the people of Dublin. See the house, hear its stories and discover the layers of Dublin history within its walls.

“It really brought the human side of history alive for us”
-Visitor to 14 Henrietta Street

“Unmissable... Favourite thing we visited in Dublin on our day touring”
***** Tripadvisor

Nominated for European Museum of the Year 2020/21

Best Dublin Tourism Experience (under 100,000 visitors) finalist at the 2019 Irish Tourism Awards

Bhí caomhnú 14 Sráid Henrietta ar an ngearrliosta le haghaidh na duaise mór le rá, Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh Ailtireacht Chomhaimseartha – an Dámhachtain Mies van der Rohe 2019.

Buaiteoir RIAI ‘An Tionscadal Caomhnaithe/Athchóirithe is Fearr’ agus ‘An Tionscadal Ginearálta is Fearr’ ag Dámhachtainí Ailtireachta RIAI 2018