14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

Do chuairt a phleanáil

Do chuairt a phleanáil

UAIREANTA OSCAILTE

Page last reviewed: 08/08/2024

Tá 14 Sráid Henrietta oscailte idir an Chéadaoin agus an Domhnach, idir 10 am - 4 pm, agus ar an Déardaoin go dtí 6 pm.

Bíonn cuairteanna chuig an teach á reáchtáil againn idir an Chéadaoin agus an Domhnach, gach uair an chloig, ag tosú ag 10am.

Bíonn ár dturais siúlóide amuigh faoin aer á n-eagrú againn ar an gCéadaoin, ar an Satharn agus ar an Domhnach, ag 11.30am, agus ag 2pm.

Chomh maith leis sin, tá Scéal Físiúil cruthaithe againn ar féidir linn é a roinnt le daoine a úsáideann faisnéis i bhfoirm téacs agus íomhánna nuair a bhíonn siad ag ullmhú dá gcuairt. Tarraingítear aird sa Scéal Físiúil ar ghnéithe an turais agus ar an gcur chuige inrochtana atá in úsáid againn chun eispéireas iontach a sholáthar.

ROIMH DO CHUAIRT

Moltar do gach cuairteoir ticéad a chur in áirithe roimh ré ar ár suíomh gréasáin nó glaoch orainn. Más mian leat fiosrúchán a dhéanamh faoi áirithintí grúpaí ina bhfuil 10 nduine nó níos mó, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag info@14henriettastreet.ie. Is féidir linn d'áirithint a atheagrú duit más gá agus ní bheidh aon táille le híoc chun é sin a dhéanamh.

I RITH DO CHUAIRTE

Nuair a shroichfidh tú 14 Sráid Henrietta seiceálfaidh ball den fhoireann do thicéad sula gcuirfear tús leis an turas. Ní gá duit do thicéid a phriontáil de bhrí go mbeidh d'áirithint taifeadta againn ar ár gcóras ríomhaire.

Déan iarracht a bheith ag an iarsmalann 10 nóiméad sula dtosaíonn do thuras chun neart ama a thabhairt duit féin chun seiceáil isteach.

Má tá aon deacracht soghluaisteachta agat, glaoigh orainn roimh ré ionas gur féidir linn a chinntiú go mbainfidh tú taitneamh as do chuairt.

Is ionann áirithint de dheichniúr agus áirithint ghrúpa; iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn ag info@14henriettastreet.ie chun áit a chur in áirithe.

Ainneoin go bhfuil an turas treoraithe ar fad faoi dhíon, beidh na fuinneoga agus na doirse ar fad oscailte chun a chinntiú go bhfuil an áit deas compordach do gach duine. Molaimis do chuairteoirí éadaí teolaí agus bróga compordacha a chaitheamh.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le conas áirithint a dhéanamh nó maidir le cuairt a thabhairt ar 14 Sráid Henrietta, seol ríomhphost chuig info@14henriettastreet.ie nó glaoigh ar an uimhir +353 1 524 0383.

Táimid ag súil le fáilte a chur romhaibh ar fad amach anseo.