14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

Turas Treoraithe den Teach as Gaeilge

Page last updated: 1 March 2022 

Nuair a iontrálann tú 14 Sráid Henrietta gheobhaidh tú blaiseadh ar stair na cathrach a ghabhann siar breis agus trí chéad bliain i mballaí tí amháin.

Tugann ár dturais threoraithe phearsanta thú ar aistear ó thús galánta Seoirseach an tí a fhad leis na háiteanna cónaithe tionóntáin a bhí ann ina dhiaidh sin. Nochtar na scéalta faoi stair cheilte an fhoirgnimh nuair a dhéantar ceangal le scéalta pearsanta na ndaoine siúd a chónaigh anseo in 14 Sráid Henrietta.

Léirítear sna scéalta faoin teach agus faoin tsráid scéal mhuintir Bhaile Átha Cliath.

Tabhair cuairt ar an teach, éist lena chuid scéalta agus fiosraigh saibhreas stair Bhaile Átha Cliath atá laistigh dá chuid ballaí.

Turas Gaeilge é seo.

Ó mhí an Mhárta ar aghaidh beidh ár dturais Ghaeilge ar siúl ar an dara Satharn de gach mí. Tosaíonn an turas ag 12:30in, mar sin tar isteach chun an teach a fheiceáil, na scéalta a chloisteáil agus fáil amach faoi stair 300 bliain 14 Sráid Henrietta as Gaeilge.

Ceannaigh ticéid