14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE

RÉAMHRÁ

Creidiúint: Ste Murray
Creidiúint: Ste Murray

Iarsmalann stair shóisialta Bhaile Átha Cliath is ea 14 Sráid Henrietta, ina mbreathnaítear ar an bhfoirgneamh óna bhunús mar theach Seoirseach go haimsir na dtionóntán. Nascann muid stair an tsaoil uirbigh thar 300 bliain le scéalta na ndaoine a chónaigh san áit. Is do mhúinteoirí Bunscoile ar mian leo a gcuid daltaí a thabhairt ar cuairt ar 14 Sráid Henrietta an pacáiste acmhainní seo.

AN NASC IDIR AN PACÁISTE SEO AGUS AN CURACLAM

Tá an pacáiste acmhainní seo bunaithe ar an stair agus déantar iniúchadh comhtháite ar an gCuraclam Staire Bunscoile ann. Dearadh é ionas go mbeidh sé solúbtha agus inoiriúnaithe do gach leibhéal agus aoisghrúpa ó Rang 1 go Rang 6. Is féidir an pacáiste a úsáid sula dtugann sibh cuairt ar 14 Sráid Henrietta nó ina dhiaidh.

Sna gníomhaíochtaí seo a leanas, úsáidtear forbairt scileanna agus coincheap na coda den churaclam staire “Ag Obair mar Staraí” mar bhunús chun iniúchadh a dhéanamh ar go leor snáitheanna téamacha eile i gcomhthéacs 14 Sráid Henrietta. Léirítear naisc leis an gcuraclam i ngach sraith Gníomhaíochtaí.

Is féidir na gníomhaíochtaí a úsáid ina n-aonar nó mar shraith ceachtanna le scileanna do ranga a neartú mar staraithe agus lena dtuiscint ar go leor snáitheanna den churaclam staire a neartú trí scéal 14 Sráid Henrietta.

Tá trí thasc ag baint le gach gníomhaíocht. Is agat féin is fearr atá a fhios faoi leibhéal do ranga féin ach má theastaíonn cabhair uait maidir le cá háit ar cheart tosú, tá Tasc 1 i ngach sraith Gníomhaíochtaí oiriúnach go gach bliainghrúpa agus tá Tascanna 2 agus 3 oiriúnach do ranganna 3-6 nó do dhaltaí a dteastaíonn dúshlán breise uathu.

View Gníomhaíocht 1: An tAm atá Thart agus An Lá Inniu

View Gníomhaíocht 2: Cluichí á bhFiosrú

View Gníomhaíocht 3: Na Scéalta á nInsint

View Gníomhaíocht 4: Iarsmalann a Dhéanamh

View ACMHAINNÍ BREISE

View Priontáil na Gníomhaíochtaí