14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE

SRÁID HENRIETTA SAN AM ATÁ THART AGUS SA LÁ INNIU

Le linn na gníomhaíochta seo, cuirfidh do rang íomhánna éagsúla de Shráid Henrietta ar líne ama, agus pléifidh siad a bhfuil athraithe agus a bhfuil fanta mar a chéile in imeacht ama. Cuirfidh siad stair na sráide igcomhthéacs níos leithne na staire, agus a saolta féin, agus samhlóidh siad an chuma a bheidh ar an tsráid amach anseo.

Ag obair mar staraí:

  • Am agus croineolaíocht
  • Athrú agus leanúnachas

Naisc leis na snáitheanna seo a leanas sa churaclam staire:

  • Rang 1-2
    Mé féin
    Leanúnachas agus athrú sa timpeallacht áitiúil
  • Rang 3-4
    Tithe
    Foirgnimh, suíomhanna nó fothracha i mo cheantar
    Mo cheantar i gcaitheamh an ama
    Leanúnachas agus athrú le himeacht ama
    An saol san 18ú haois
    An saol sa 19ú haois
    Tithe
  • Rang 5-6
    Tithe
    Foirgnimh, suíomhanna nó fothracha i mo cheantar
    Mo cheantar i gcaitheamh an ama
    An saol san 18ú haois
    An saol sa 19ú haois
    Tithe, tithíocht, agus forbairtí uirbeacha

Comhtháthú ábhar:

  • Tíreolaíocht: Imshaoil dhaonna - Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
  • Eolaíocht: Dúile Beo - Mise
  • OSPS: Mise - Ag fás agus ag athrú
  • Na hamharc-ealaíona

 

Breathnaigh ar Thascanna 1-3