14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE

TASC 1: Baile Átha Cliath I gCAITHEAMH AN AMA

(Rang 1 - 2, agus mar thúsphointe do rang 3 - 6)

  • Breathnaígí ar na pictiúir seo a leanas de Bhaile Átha Cliath ag amanna éagsúla. Pictiúir de Shráid Henrietta atá i bpéire acu, agus de lár na cathrach an chéad cheann:
AllResources Primary CollegeGreenImageNoCreditNeeded
View of College Street, College Green and the House of Lords, Dublin
Henrietta1924
The top of Henrietta Street
This image is reproduced courtesy of the National Library of Ireland INDH416

AllResources Primary HenriettaStreet
Henrietta Street
  • Cuirigí in ord iad, ón gceann is sine go dtí an ceann is nua:
    Cén fáth ar chuir sibh san ord sin iad?
    Cén leideanna a chonaic sibh a chuidigh libh cinneadh a dhéanamh?

  • Cuirigí na pictiúir i gcomparáid lena chéile:
    Céard iad na difríochtaí eatarthu?
    Céard iad na cosúlachtaí?
    Breathnaígí ar na daoine sna pictiúir - cén chaoi a bhfuil siad sin éagsúil lena chéile?

TASC 2: LÍNE AMA A CHRUTHÚ

  • Tarraingígí líne ar phíosa páipéir. Scríobhaigí ‘1700idí’ ag foirceann amháin den líne agus ‘Inniu’ ag an bhfoirceann eile.
  • Cén áit ar an líne ama a gcuirfeadh sibh na pictiúirí éagsúla ó Thasc 1?
  • Cuirigí dátaí tábhachtacha eile le bhur líne ama, imeachtaí a tharla in Éirinn agus ar fud an domhain.
  • Cuirigí leis dátaí ó bhur saolta féin, mar shampla an dáta ar rugadh sibh.

TASC 3: SRÁID HENRIETTA AMACH ANSEO

  • Tarraingígí nó péinteálaigí an ceathrú pictiúr leis an gcaoi a samhlaíonn sibh an tsráid amach anseo.
  • Samhlaígí cén bhliain ina bhféadfadh bhur bpictiúr a bheith tógtha - déanaigí bhur líne ama níos faide agus cuir an dáta nua seo léi.