14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE

1. FIANAISE A SCRÚDÚ

Cén chuma a bhíodh ar chluichí san am atá thart? Seo roinnt samplaí d’fhianaise a thabharfaidh leideanna daoibh faoi spraoi agus faoi chluichí sna tionóntáin:

Stair ó bhéal

  • Is éard atá sa stair ó bhéal ná taifid de dhaoine ag caint faoina gcuid cuimhní. Sna taifid seo, cuireann páistí ó Ionad Pobail Shráid Hardwicke ceisteanna ar Pheter Brannigan, a d’fhás aníos i 14 Sráid Henrietta, faoin gcineál spraoi a bhíodh acu sna tionóntáin le linn a óige:

"What did you used to play?"

"What were the toys like?"

"What time did you come inside?"

  • D’fhéadfadh an stair ó bhéal a bheith i bhfoirm físeáin freisin. Seo daoine eile a d’fhás aníos ar Shráid Henrietta agus iad ag caint faoi na cuimhní atá acu ar a n-óige:

AMHRÁIN AGUS RANNTA NA dTIONÓNTÁN

  • Thaitníodh amháin agus rannta le páistí sna tionóntáin. Seo roinnt taifead de pháistí an lae inniu ag casadh cuid de na hamhráin ó aimsir na dtionóntán.

A Sailor went to Sea, Sea, Sea

Bluebells, Cockle Shells

1, 2, 3, My Mother caught a Flea

BRÉAGÁIN

  • Dhéanadh go leor de na páistí sna tionóntáin a gcuid bréagán féin. Is scil é a seo a choinníodh go leor acu ar feadh a saoil. Seo tralaí a rinne fear darb ainm Leo, a d’fhás aníos i dtionóntán ar an gCé Adhmaid, ar an taobh ó dheas den Life.
Creidiúint: Ros Kavanagh
Creidiúint: Ros Kavanagh

Pléigí mar rang na píosaí éagsúla fianaise seo:

  • Cén t-eolas a thugann siad dúinn faoi chluichí, faoi spraoi agus faoi fhás aníos in aimsir na dtionóntán?
  • Céard iad na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí idir an t-am sin agus an lá inniu?
  • (Do Rang 5-6) Cé acu seo ar foinsí príomha agus foinsí tánaisteacha iad? Cén fáth a gceapann sibh é sin?

 

AG IMIRT PIGGY BEDS

Cluiche sráide an-choitianta ab ea Piggy Beds do pháistí sna tionóntáin. Foghlaimeoidh sibh thíos an chaoi lena imirt.

 

Beidh na rudaí seo a leanas uaibh:

  • Canna folamh snasáin bhróg nó canna folamh dí
  • Cailc
  • Dromchla réidh taobh amuigh

1. Déanaigí bhur muicíní

  • Faighigí canna folamh snasáin bhróg nó canna dí, líonaigí le gairbhéal nó le gaineamh é, agus greadaigí le bhur gcos ar a bharr le diosca a dhéanamh.

2. Tarraingígí na leapacha

  • Faighigí dromchla réidh taobh amuigh, amuigh ón trácht agus ó chontúirtí eile, agus tarraingígí eangach mar seo a leanas le cailc:

3. Imrígí

  • Caithigí an muicín ar chearnóg uimhir a haon.
  • Seasaigí ar chois amháin agus preabaigí isteach sa chearnóg.
  • Leis an gcois atá fút, ciceálaigí bhur muicín isteach i gcearnóg 2 – má thiteann sé ar an líne, nó taobh amuigh de na línte, beidh sibh amuigh as.
  • Preabaigí isteach sa chéad chearnóg eile. Ní cheadaítear ach preab amháin, agus cic amháin, in aghaidh na cearnóige.
  • Coinnígí oraibh timpeall an eangaigh, go bhfeice sibh an féidir libh dul timpeall an eangaigh ar fad gan an dara cos a chur síos.
  • ‘Leapacha scíthe’ iad cearnóga 4 agus 7 – is féidir libh bhur gcosa a chur síos anseo agus scíth a ligean.
  • Coinnígí oraibh timpeall agus ar ais chuig cearnóg 1. Léimigí amach agus tosaígí arís – caithigí an muicín isteach i gcearnóg 2 agus tosaígí arís.

 

TASC 3: M’IARSMALANN

Déanaigí bhur n-Iarsmalann Cluichí féin trí fhianaise a bhailiú ón am atá thart agus ón lá inniu:

  • Grianghraif
  • Earraí
  • Scéalta: labhraígí le daoine níos sine ná sibh. Cén sórt cluichí a d’imrídís agus iad óg? An cuimhin leo aon chluiche faoi leith? An féidir leo iad a thaispeáint daoibh?
  • Bhur scéalta féin: Cén sórt cluichí a imríonn sibh féin? An féidir libh na treoracha a scríobh, a tharraingt nó a phéinteáil le cur isteach san iarsmalann?