14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE

SCÉALTA 14 SRÁID HENRIETTA Á nINSINT

Forbróidh do rang a gcuid scileanna ionbhá, sintéise agus cumarsáide chun smaointe agus mothúcháin na ndaoine a chónaigh i 14 Sráid Henrietta le linn na mblianta a shamhlú. Ag úsáid meáin éagsúla, déanfaidh na daltaí na scéalta seo a athinsint agus a chur in iúl agus iad féin á samhlú in áit daoine a mhair san am atá caite.

Ag obair mar staraí:

  • Sintéis agus Cumarsáid
  • ionbhá

Naisc leis na snáitheanna seo a leanas sa churaclam staire:

  • Rang 1-2
    Nuair a bhí mo sheanmhuintir óg
    Scéalta
  • Rang 3-4
    Tithe
    Scéalta
    An saol san 18ú haois
    An saol sa 19ú haois
    Leanúnachas agus athrú le himeacht ama: Éadaí; Tithe
  • Rang 5-6
    Tithe
    Scéalta ó shaolta daoine a mhair san am atá thart
    An saol san 18ú haois
    An saol sa 19ú haois
    Ról athraitheach na mban sa 19ú agus san 20ú haois

Comhtháthú ábhar:

  • Ceol: Éisteacht agus freagairt; Taibhiú
  • Na hamharc-ealaíona: D’fhéadfadh go leor scéalta saothair ealaíne a spreagadh
  • Drámaíocht: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus smaointe a iniúchadh d’fhonn tuiscint a chothú
  • Tíreolaíocht: Imshaoil dhaonna - Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil

Breathnaigh ar Thascanna 1 - 3: