14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE

TASC 1

  • Smaoinígí ar na hócáidí tábhachtacha a tharla le linn bhur saoil, m.sh. breithlá, nó bhur gcéad lá ar scoil. Cuirigí na hócáidí seo ar líne ama san ord inar tharla siad.
  • Déanaigí machnamh ar an gcineál ‘fianaise’ a d’fhéadfadh sibh a fháil le cur leis an líne ama, mar shampla grianghraif, earraí, pictiúir a tharraing sibh, agus ansin
    cuirigí le bhur líne ama iad.
  • Smaoinígí ar dhuine comhaois libh féin ag fás aníos in 14 Sráid Henrietta sa ré Seoirseach. Céard iad na cosúlachtaí a bheadh idir an dá líne ama? Céard faoi na difríochtaí? An mbeadh na hócáidí céanna ar an líne ama acu nó an mbeadh rudaí difriúla ann?
  • Smaoinígí ar dhuine comhaois libh féin ag fás aníos in 14 Sráid Henrietta in aimsir na dtionóntán. Céard iad na cosúlachtaí a bheadh idir an dá líne ama? Céard faoi na difríochtaí? An mbeadh na hócáidí céanna ar an líne ama acu nó an mbeadh rudaí difriúla ann?

 

TASC 2

  • Cruthaígí líne ama díbh féin agus de bhur dteaghlach/bhur gcairde.
  • Bailígí trí chineál éagsúla fianaise le cuidiú libh bhur scéal a insint, m.sh. grianghraif, earraí, amhráin.
  • Bailígí trí chineál éagsúla fianaise le cuidiú libh scéal bhur dteaghlaigh/na háite a raibh cónaí ort ann roimhe a insint, m.sh. grianghraif, earraí, cuimhní taifeadta.

 

TASC 3

  • ruthaígí bhur líne ama féin. D’fhéadfaí bhur saol féin nó saol bhur dteaghlaigh, bhur gcairde nó bhur gceantair áitiúil a léiriú.
  • Cén cineál fianaise a d’fhéadfadh sibh a bhailiú do bhur líne ama? An foinsí príomha nó tánaisteacha iad, nó meascán den dá rud?
  • Bailígí cineálacha éagsúla fianaise le faoi fhás aníos ar Shráid Henrietta - sa ré Seoirseach nó in aimsir na dtionóntán. An foinsí príomha nó tánaisteacha iad, nó meascán den dá rud?
  • Déanaigí bhur n-iarsmalann féin den am atá thart agus den lá inniu: Bailígí cuid den fhianaise ar bhur liosta ón líne ama agus faoi 14 Sráid Henrietta agus déanaigí taispeántas di. Tugaigí turas trí bhur n-iarsmalann do bhur rang - d’fhéadfadh sibh an ceol, an damhsa nó an drámaíocht a úsáid.