Do Chuimhní Tionóntáin
Tá cuireadh á thabhairt againn do dhaoine scéalta maidir le tionóntáin Bhaile Átha Cliath a roinnt linn.
Tá 14 Sráid Henrietta suite i gcroílár na cathrach agus tá 300 bliain d'athrú sóisialta feicthe ag an tsráid seo. Faoin mbliain 1911, i rith ré na dtionóntán, bhí níos mó ná 100 duine ina gcónaí san fhoirgneamh, agus bhí 850 duine eile ina gcónaí ar an tsráid.
Is cuntas cumhachtach ar an stair iad scéalta agus cuimhní cinn na dteaghlach a bhí ina gcónaí sna tionóntáin ar fud Bhaile Átha Cliath.
Is sraith de chomhráite leanúnacha le daoine as ar fud na cathrach é 'Bhur gCuimhní Cinn ar na Tionóntáin', sraith a bhfuil sé mar aidhm léi cuimhní cinn faoin saol a caitheadh sna tionóntáin i mBaile Átha Cliath ar 14 Sráid Henrietta a bhailiú.
Trí bheith ag éisteacht agus ag caint le cuairteoirí, staraithe, cónaitheoirí áitiúla agus a dteaghlaigh agus trí eolas a bhailiú ó dhaoine eile nach iad, tá foireann an mhúsaeim ag leanúint ar aghaidh le scéalta nua a aimsiú, le cuimhní cinn a bhailiú agus ag cur le bailiúchán na hiarsmalainne agus leis an eispéireas cuartaíochta.
Dá mba mhaith leat féin, nó le duine ar d'aithne, do scéal a insint dúinn, déan teagmháil linn agus beimid in ann comhrá a eagrú le ball dár bhfoireann trí ríomhphost a sheoladh chuig memories@14henriettastreet.ie nó trí ghlaoch ar an uimhir 01 524 0383.