14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE

TASC 1: DAOINE A CHÓNAIGH AR SHRÁID HENRIETTA

Caithigí súil ar an dá phictiúr agus ar an bhfíseán de dhaoine a chónaigh ar Shráid Henrietta ag amanna éagsúla:

An Bhantiarna Mary Molesworth<br />
Íomhá ©An Taisce Náisiúnta Íomhánna/Derrick E. Witty
An Bhantiarna Mary Molesworth
Íomhá ©An Taisce Náisiúnta Íomhánna/Derrick E. Witty
Páistí ar Shráid Henrietta<br />
Le caoinchead ó Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann
Páistí ar Shráid Henrietta
Le caoinchead ó Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann

Roghnaígí duine amháin ó gach pictiúr nó físeán agus déanaigí plé ar an méid seo a leanas:

  • Dar libh céard a bhí á smaoineamh agus á mhothú acu ag an nóiméad sin?
  • Cén sórt pearsantachta atá acu, dar libh?
  • Cén bealach ina bhfuil na daoine seo mar an gcéanna? Céard iad na difríochtaí eatarthu?
  • Dá rachadh na daoine seo isteach i meaisín taistil ama agus dá gcasfaidís ar a chéile, céard a bheadh le rá acu lena chéile? An mbeidís mór le chéile? Cén fáth?

 

TASC 2: LITREACHA ÓN AM ATÁ CAITE

  • Scríobhaigí litir ón mBantiarna Molesworth chuig cara léi ag insint dó/di faoi Shráid Henrietta.
  • Scríobhaigí litir ó dhuine de na páistí ón ngrianghraf den tionóntán chuig cara atá ag cónaí faoin tuath ag insint dó/di faoi Shráid Henrietta.

 

TASC 3: LÁ DEN SAOL

Cumaigí scéal faoi lá amháin i saol duine de na daoine sna pictiúir ó Thasc 1, óna d(h)earcadh féin. Is féidir libh fianaise a úsáid chun an scéal a dhéanamh níos réalaíche. Is féidir é seo a dhéanamh trí scríobh, tarraingt, péinteáil, cartún a dhéanamh, aisteoireacht, amhránaíocht nó damhsa.